An scéal faoin dóigh ar casadh Ned uirthi agus thug sé airgead di nuair a bhí sí 12 bliana d’aois (a breithlá a bhí ann agus é ag imeacht go hAlbain). Scéal eile faoin dóigh ar thosaigh sí ag dul amach le Ned ag 14 bliana d’aois……….TAOBH 2
D’imigh sí anonn go Sasana agus bhí sí ag obair in monarcha in Birmingham ag déanamh rudaí do bhádaí. Ní raibh an pá maith agus d’imigh sí go Aston Villa lena deirfiúr agus bhí pá maith aici ag déanamh rudaí (fáiscíní) do bhádaí. Bhí sí ábalta airgead a chur na bhaile. Tar éis tamaill, shocair sí pilleadh na bhaile, ni raibh sí i bhfad sa bhaile go ndearna Ned dáta eile léi. Ba shin mí Iúil, pósadh i mí Dheireadh Fómhair iad in 1961. | 00:04:59 | |